Céard Iad na Dúshláin Atá Roimh Mhúinteoirí agus Iad ag Iarraidh Luathscileanna Léitheoireachta a Mhúineadh i nGaelscoil

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin, School of Education

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

Ó Griallais, Cian, Céard Iad na Dúshláin Atá Roimh Mhúinteoirí agus Iad ag Iarraidh Luathscileanna Léitheoireachta a Mhúineadh i nGaelscoil , Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025

Abstract

Tá an taighde seo dírithe ar na dúshláin atá roimh mhúinteoirí agus iad ag múineadh Luathscileanna léitheoireachta i nGaelscoileanna lasmuigh den Ghaeltacht. Le blianta beaga anuas, tá fás suntasach tagtha ar an earnáil seo, ach ina ainneoin sin, tá fianaise ann go bhfuil easpa tacaíochta, acmhainní agus oiliúna ag cur bac ar fhorbairt scileanna léitheoireachta gasúr. Is í príomhcheist an taighde seo ná: céard iad na dúshláin atá roimh mhúinteoirí luath scileanna léitheoireachta a mhúineadh i nGaelscoileanna? Trí úsáid a bhaint as modhanna measctha, bailíodh eolas ó mhúinteoirí bunscoile le taithí i suíomh tumoideachais. Léirigh torthaí an taighde go bhfuil bearnaí suntasacha i réimse na n-acmhainní léitheoireachta, go háirithe leabhair fheiliúnacha i nGaeilge agus easpa cláir fónaice struchtúrtha don Ghaeilge. Ardaíodh ceisteanna maidir le curaclam réamhsheirbhíse choláistí oiliúna agus tháinig sé chun solais freisin nach bhfuil dóthain deiseanna sa bhforbairt ghairmiúil ar fáil do mhúinteoirí chun cabhrú a scileanna teagaisc a fheabhsú. Cuirtear béim sa taighde ar thábhacht straitéisí oideolaíochta atá saincheaptha don tumoideachas agus ar ról na léitheoireachta mar áis ionchur teanga i sealbhú na Gaeilge. Moltar forbairt leanúnach ghairmiúil, méadú ar rochtain ar áiseanna léitheoireachta, agus athbhreithniú ar oiliúint réamhsheirbhíse. Tugann an taighde seo léargas ar chleachtais reatha, ar riachtanais na múinteoirí, agus ar na tacaíochtaí atá riachtanach chun tacú le foghlaimeoirí ilteangacha ó thús a n-aistear oideachais.

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis