Bodach an Chóta Lachtna: eagrán nua
Loading...
Date
Authors
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish
Access
openAccess
Embargo end date
Citation
NIC CHÁRTHAIGH, DEIRDRE, Bodach an Chóta Lachtna: eagrán nua, Trinity College Dublin.School of Lang, Lit. & Cultural Studies, 2019
Abstract
Tá prós na Nua-Ghaeilge Moiche (c. 1200–1650) ar na réimsí is lú de litríocht na Gaeilge a ndéantar staidéar ná plé orthu. Príomhaidhm an tráchtais seo is ea dul i ngleic leis an mbearna seo sa léann trí eagrán scolártha den scéal fianaíochta Bodach an Chóta Lachtna a chur ar fáil. Scéal é seo a bhaineann le deireadh thréimhse na Nua-Ghaeilge Moiche agus a áirítear i measc na scéalta sin ar a dtugtar ‘scéalta rómánsacha’ de ghnáth. Tá an téacs ar marthain in os cionn leathchéad lámhscríbhinn a breacadh idir tús an ochtú haois déag agus deireadh an naoú haois déag agus is ar an gcóip is luaithe díobh sin, atá ar caomhnú i lámhscríbhinn 23 M 23 (340) in Acadamh Ríoga na hÉireann, atá an t-eagrán seo bunaithe. Déantar plé iomlán ar thraidisiún lámhscríbhinne an scéil, ar an teanga inar cumadh é agus ar a chomhthéacs liteartha. Déantar iarracht dáta a luath leis an téacs chomh maith, ag tarraingt ar fhianaise lámhscríbhinne, ar fhianaise inmheánach an téacs agus ar fhianaise na teanga. Tugtar suntas sa saothar seo do choincheap an scríobhaí-eagarthóra agus cuirtear sleachta de leaganacha imeallacha den scéal in eagar sna haguisíní mar shampla de thionchar scríobhaithe indibhidiúla ar sheachadadh an téacs.
Description
APPROVED
Endorsement
Review
Supplemented By
Referenced By
Sponsor: Irish Research Council (IRC)
Author's Homepage: https://tcdlocalportal.tcd.ie/pls/EnterApex/f?p=800:71:0::::P71_USERNAME:NICCHARD
Publisher: Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish
Type of material: Thesis

