Ag Iniúchadh Dearcthaí Mhúinteoirí faoi Oiliúint i dtreo Mhúineadh Trí Ghaeilge: Tionchar Teicnící Spraíúla agus Rannpháirteacha ar Aistriú Dearcthaí

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin, School of Education

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

Ní Dhomhnaill, Fiona, Ag Iniúchadh Dearcthaí Mhúinteoirí faoi Oiliúint i dtreo Mhúineadh Trí Ghaeilge: Tionchar Teicnící Spraíúla agus Rannpháirteacha ar Aistriú Dearcthaí, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025

Abstract

"Déanann an staidéar seo iniúchadh ar dhearcadh múinteoirí faoi oiliúint i leith teagasc trí Ghaeilge agus scrúdaíonn sé straitéisí chun tuairimí diúltacha a athrú agus úsáid níos mó a chur chun cinn sa Ghaeilge san oideachas. Tá an taighde dírithe ar 25 múinteoir faoi oiliúint atá cláraithe i gcúrsa dhá sheachtain ag Coláiste Gaeilge, agus freagraítear dhá phríomhcheist: (a) Cad iad na dearcthaí ginearálta i leith teagasc trí Ghaeilge? agus (b) Conas a athraíonn na dearcthaí sin tar éis cúrsa a chríochnú ina n-úsáidtear modhanna teagaisc spreagúla? Tugtar spreagadh don taighde seo de bharr béim na Roinne Oideachais Agus Óige ar úsáid na Gaeilge a mhéadú ar fud an churaclaim, agus freagraíonn sé don dúshlán leanúnach nach bhfuil an Ghaeilge á húsáid go minic, ach díreach nuair is gá. Tá gá le fiosrú an bhféadfaí modhanna teagaisc eile a úsáid chun úsáid phraiticiúil na Gaeilge sna seomraí ranga a fheabhsú. Úsáidtear cur chuige cáilíochtúil agus bailítear sonraí i gColáiste Gaeilge,áit ina dtéann mic léinn le Gaeilge a fhoghlaim nó le feabhas a chur ar a scileanna teanga, go minic i gceantair Ghaeltachta.. Tugtar ceistneoirí leathstruchtúrtha do na múinteoirí faoi oiliúint chun a dtuairim maidir le teagasc trí Ghaeilge a fháil. Léiríonn an cúrsa ábhar téamach agus modhanna teagaisc a ailíníonn leis an gcuraclam caighdeánach. Ag deireadh an chúrsa, reáchtáiltear grúpa fócais leis na rannpháirtithe chun tuiscint níos doimhne a fháil ar athruithe i gcaighdeán na ndearcadh. Cuireann an teaglaim de cheistneoirí leathstruchtúrtha agus grúpaí fócas ar chumas freagraí saibhre, oscailte a fháil agus téamaí coitianta a aithint. Tá súil leis go léiríonn na torthaí athrú dearfach ar na dearcadh, le muinín agus spreagadh méadaithe ag na múinteoirí faoi oiliúint úsáid na Gaeilge a chur chun cinn ina dteagasc. Críochnaíonn an staidéar le dearbhú gur féidir le modhanna teagaisc nuálacha, spreagúla cur le hullmhúchán na múinteoirí Gaeilge a úsáid go gníomhach, rud a thacaíonn le cuspóirí forleathana na Roinne Oideachais agus Óige chun an Ghaeilge a athbheochan sna scoileanna.

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis