“We wanted to reignite the love for the language in our children.” Dearcthaí tuismitheoirí maidir le hoideachas lán-Ghaeilge a roghnú

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

Ní Riagáin, Abby, “We wanted to reignite the love for the language in our children.” Dearcthaí tuismitheoirí maidir le hoideachas lán-Ghaeilge a roghnú, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025

Abstract

Tá sé mar aidhm ag an taighde seo inniúchadh a dhéanamh ar thaithí tuismitheoirí le hoideachas lán-Ghaeilge. Rinneadh an taighde seo le tuismitheoirí na Naíonán Sinsearach i nGaelscoil amháin i gContae Átha Cliath. Breathnaíodh ar na cúiseanna ar roghnaigh na tuismitheoirí seo an tumoideachas dá bpáiste, cén ábhair imní a bhí orthu maidir leis an teanga sular thosaigh a bpáiste, agus conas a bhraitheann siad faoi na topaicí sin anois. Táthar ag súil go gcabhróidh an taighde seo le múinteoirí, scoileanna, agus leis an earnáil lán-Gaeilge ina iomláine chun tuiscint níos fearr ar dhearcaí agus imní na dtuismitheoirí a n-oibríonn siad leo agus conas go bhféadfaidís tacú leo. Tacóidh an taighde seo le tuismitheoirí atá ag smaoineamh ar an nGaelscolaíocht cinneadh eolasach a dhéanamh bunaithe ar thaithí daoine eile. Tugadh suirbhé anathnaid do na tuismitheoirí meascán de cheisteanna cháilíochtúla agus chainníochtúla mar is ábhartha. Bhí deiseanna ag na rannpháirtithe a gcuid fregraí a leathnú má’s cuí agus bhí ceisteanna éigeantach agus roghnach ann. Rinneadh anailís théamach ar na freagraí seo agus codú ar ainmneacha an rannpháirtithe. Bhí na hábhair imní agus na cúiseanna a roghnaíodh an Gaeloideachas a léirigh tuismitheoirí i gcomhréir le taighde comhchosúil a rinneadh roimhe seo. Léirigh na tuismitheoirí an-suim i bhfoghlaim a leanaí agus an-mheas ar an teanga. Luaigh go leor rannpháirtithe go raibh fonn orthu níos mó Gaeilge a úsáid sa bhaile ó a thosaigh a bpáistí san Ghaelscoil. Ar an iomlán, bhí imní na dtuismitheoirí réitithe faoin am a rinneadh an taighde seo i dtéarma 2 sna Naíonáin Shinsearacha. Bhí an-suim ag na tuismitheoirí a bheith níos rannpháirtí in oideachas a bpáistí agus an Ghaeilge a chur chun chinn taobh amuigh den scoil. Tugadh neart comhairle do thuismitheoirí nua agus scoileanna mar aon ó pheirspictíocht an tuismitheora.

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Qualification name: thesis_dissertations
Type of material: Thesis