Ailíniú Struchtúir agus Réamhinsint Nasc

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Access

openAccess

Embargo end date

Citation

Sardina, Seathrún (Jeffrey) Ryan, Ailíniú Struchtúir agus Réamhinsint Nasc, Scoil na hEolaíochta Ríomhaireachta & na Staitisticí, Coláiste na Tríonóide, 2025

Abstract

Cé go bhfuil Graif Eolais (GE-anna) ag éirí i bhfad níos coitianta i roinnt mhaith réimsí eolaíochta toisc á gcumas an-chuid sonraí a stóráil agus a nascadh le chéile, bíonn easnamh sonraí i ngach uile GE nach mór. Taobh le forbairt GE-anna atá, mar sin, an-fhorbairt ar chórais ríomhfhoghlama a dhéantar chun sonraí atá ligthe in easnamh in GE a réamhinsint -- tasc darbh ainm Réamhinsint Nasc. Glacann mórchuid na réamhinsteoirí nasc go dtí seo le cur chuige bunaithe ar leabuithe. Sa modh foghlama seo, glactar leis gurb é is fearr ná sonraí in GE a shamhlú trí leaganacha veicteora dá nóid agus dá cheangail, agus go mbíonn cumas ar leith mar sin ag leabuithe nód / ceangal chun an tasc réamhinsinte nasc a chur i gcrích. Tugann an tráchtas seo léargas eile ar chur chuige an réimse maidir le réamhinsint nasc agus samhlú sonraí in GE-anna. Go sonrach, déanann an saothar seo ath-anailísíocht ar GE-anna agus ar réamhinsteoirí nasc trí glacadh le radharc bunaithe ar struchtúr a shamhlaíonn sonraí in GE-anna mar abairtí triaracha iomlána, seachas mar nóid / ceangail aonaracha. Tar éis bunús teoirice a chumadh de réir na litríochta don chur chuige seo, déantar é a mheasúnú in dá chomhthéacs ar leith. I dtosach, déantar measúnú ar an ailíniú idir aschur réamhinsteoirí nasc agus struchtúr GE-anna. Léiríonn an measúnú seo ní hamháin go mbíonn an-tionchar ag struchtúr graif ar réamhinsteoirí nasc, ach go mbíonn patrúin éifeachtachta hipear-pharaiméadar, agus éifeachtach uilíoch na réamhinsteoirí, in-léirithe de réir struchtúr an ghraif ar a rabhadar traenáilte. I bhfianaise na dtorthaí seo, cuireann an dara measúnú an cheist an féidir airíonna struchtúir graif a úsáid chun naisc a réamhinsint go díreach sa ngraf céanna. Léiríonn torthaí na dturgnamh seo ní hamháin gur féidir sin, ach go bhfuil an-éifeacht aige sin i gcomparáid le modhanna réamhinsinte eile atá ar scoth an réimse. Ar deireadh, léirítear gur féidir trasfhoghlaim tras-GE agus tras-réimse a dhéanamh don tasc réamhinsinte nasc chomh maith nuair a shamhlaítear GE-anna de réir struchtúr na n-abairtí triaracha. Is é príomh-thoradh an tráchtais seo ná go gcuireann radharc bunaithe ar struchtúr go mór le tuiscint an réimse ar GE-anna agus ar an tasc réamhinsinte nasc. Úsáidtear an chonclúid seo chun an Hipitéis ar Ailíniú Struchtúir a chumadh agus a roinnt -- hipitéis a deir gur féidir réamhinsint nasc a thuiscint agus a shamhlú mar thasc bunaithe ar struchtúr. Déantar an cód agus na sonraí ar fad atá ceangailte leis an tráchtais seo -- córas a dhéanann insamhladh ar réamhinsteoirí nasc (TWIG) agus réamhinsteoir nasc bunaithe ar struchtúr (TWIG-I) ina measc sin -- a chur ar fáil faoi cheadúnas saor-rochtana chun taighde sa réimse seo a spreagadh. Is tráchtas dátheangach é seo, le príomh-dhoiciméad i mBéarla agus le hachoimre fhada i nGaeilge. Cruthaíodh agus foilsíodh foclóir téarmaí ríomhfhoghlama (An Foclóir Tráchtais) mar thionscadal saor-rochtana mar chuid d'aistriú an tráchtais seo.

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords