Cén chaoi ar Féidir Cothromaíocht a Bhaint Amach idir Ábhair agus Teanga ag Múineadh Oideachas Sóisialta, Imshaol agus Eolaíochta (OSIE) le Rang a 4 i nGaelscoil?
Loading...
Date
Authors
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Trinity College Dublin, School of Education
Access
restrictedAccess
Embargo end date
Citation
De Paor, Liadain, Cén chaoi ar Féidir Cothromaíocht a Bhaint Amach idir Ábhair agus Teanga ag Múineadh Oideachas Sóisialta, Imshaol agus Eolaíochta (OSIE) le Rang a 4 i nGaelscoil?, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025
Abstract
An t-ábhar atá á h-iniúchadh agam sa staidéar seo ná straitéisí comhtháthaithe chun ábhar agus teanga a mhúineadh go comhuaineach le rang a 4 i ngaelscoil. Bhí sé mar aidhm agam tuairimí na ndaltaí a bhailiú ar thrí straitéis theagaisc éagsúla bunaithe ar an gcomhtháthú ábhair agus teanga. Bhain mé úsáid as an scafláil, an t-aiseolas ceartaitheach agus an teagasc foirmdhírithe le linn ceachtanna staire agus tíreolaíochta. Bhí na straitéisí seo ailínithe leis an litríocht ábhartha agus na héilimh a mbaineann leis an gcomhtháthú ábhair agus teanga. D'úsáid mé cur chuige cáilíochtúil chun na sonraí a bhailiú. Ba iad guthanna na bpáistí croílár an staidéir. Le suirbhéanna agus grúpaí fócais, bhí na daltaí in ann machnaimh ionracha a roinnt faoina n-eispéireas foghlama le gach straitéis.
Léirigh na torthaí go raibh eispéireas dearfach acu ar an iomlán. Luadh an obair ghrúpa agus gníomhaíochtaí spraíúla mar ghnéithe cabhracha don bhfoghlaim chomhtháite ábhair agus teanga. Bhí sé suimiúil gur bhraith éifeachtacht na straitéisí ní amháin ar an straitéis í féin ach ar an mbealach go raibh sí curtha i bhfeidhm. Bhain na páistí an mhéid is mó tairbhe as an gceacht nuair a bhí obair ghrúpa, gníomhaíochta spraíúla agus piarfhoghlaim i gceist.
Thaispeáin an taighde seo an tábhacht a bhaineann le guth an pháiste agus sinn ag déanamh machnaimh ar ár gcleachtas mar mhúinteoirí. Tugann sé le tuiscint go mbraitheann éifeachtacht na straitéisí comhtháthaithe idir ábhar agus teanga ar dhearadh na gceachtanna in oiriúint do riachtanais na bpáistí. Is beag taighde atá déanta ar an topaic seo i suíomh gaelscolaíochta, líonann na torthaí seo an bearna sa ghort sin. Tarraingíonn sé aird ar léargais phraiticiúla do mhúinteoirí tumoideachais ag múineadh Oideachas Sóisialta, Imshaol agus Eolaíochta trí Ghaeilge.
Description
Endorsement
Review
Supplemented By
Referenced By
Keywords
Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis

