An eitic agus aeistéitic i saothar Alan Titley
Loading...
Date
Authors
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Trinity College (Dublin, Ireland). Department of Irish and Celtic Studies
Access
openAccess
Embargo end date
Citation
Máirtín Coilféir, 'An eitic agus aeistéitic i saothar Alan Titley', [thesis], Trinity College (Dublin, Ireland). Department of Irish and Celtic Studies, 2012, pp 413
Abstract
Is tráchtas critice e seo ar shaothar Alan Titley, scéalaí agus scoláire. Ta trí aidhm agam ann. Ar an gcéad dul síos, feachaim le soileiriú a dheanamh ar ‘shaoldearcadh’ Titley, is e sin, ar na luachanna polaitiúla agus ar na luachanna eiticiúla a nochtann se ina shaothar. Sa dara háit, feachaim lena chur chuige i leith na litríochta agus i leith na critice a leirmhíniú. Ar deireadh, feachaim le hanailís a dheanamh ar chuid de na gneithe is tábhachtaí dá chuid scríbhneoireachta, dar liom. Dírím go háirithe ar na gnéithe seo a leanas: a) an ple a dheanann se ar cheisteanna polaitíochta agus ar fhadhbanna sóisialta; b) an tuiscint atá aige ar an dea-litríocht; c) an cíoradh a dheanann se ar theama an fhoreigin ina shaothar; agus d) an greann garbh a chleachtann se. Áitím nach feidir saothar Titley a thuiscint i gceart gan a sheasamh eiticiúil a chur san áireamh. Áitím go n-eascraíonn formhór a shaothair, idir fhicsean, chritic agus iriseoireacht, as dha fhoinse. An chead fhoinse ná an dualgas a bhraitheann se air féin a fheiniúlacht uathúil a leiriú sa litríocht. An dara foinse na an dualgas a bhraitheann se air fein cosaint a dheanamh ar chearta daoine eile chun feinleirithe. Tarraingím aird freisin ar theannas nó neamh-réir a bheith le sonrú ar shaothar Titley. Is eard atá i gceist leis an teannas seo ná go mbíonn Titley ag ceiliúradh na scríbhneoireachta engagee i saothair áirithe dá chuid, agus, i saothair eile leis, go mbíonn se ag deanamh beag is fiú d’impleachtaí eiticiúla na litríochta. Is e sin, uaireanta díríonn se ar an gcaoi a n-imríonn an litríocht tionchar ar an dioscúrsa poiblí, agus uaireanta eile tugann se le fios gur earra aeisteitice amhain i an litriocht, gur domhan ann fein e an ficsean atá ar deighilt ar fad ó chúraimí praiticiúla an tsaoil iarbhír. Spíonaim cúis na mí-réire seo i scríbhneoireacht Titley, agus rianaím an tionchar a imríonn sí ar a shaothar critice agus ar a shaothar ficsin.
Description
Endorsement
Review
Supplemented By
Referenced By
Qualification name: Doctor of Philosophy (Ph.D.)
Publisher: Trinity College (Dublin, Ireland). Department of Irish and Celtic Studies
Type of material: thesis

