An teicneolaíocht mhatamaitice a úsáid i suíomh lán-Ghaeilge: Tuairimí múinteoirí agus páistí fháil ar an gclár teicneolaíochta oideachasúil: “Scratch”.

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin, School of Education

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

Ó Flatharta, Ruadhán, An teicneolaíocht mhatamaitice a úsáid i suíomh lán-Ghaeilge: Tuairimí múinteoirí agus páistí fháil ar an gclár teicneolaíochta oideachasúil: “Scratch”, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025

Abstract

Fiosraíonn an staidéar seo ar an gcaoi a bhféadfadh Scratch, uirlis ríomhchlárúcháin amhairc, cabhrú le daltaí matamaitic a fhoghlaim i mbunscoil lán-Ghaeilge. Leis an bhéim atá a chur ar scileanna digiteacha san oideachas (Roinn Oideachas 2022a), tá spéis ag méadú sa chaoi is féidir le teicneolaíocht cur le foghlaim i scoileanna mionteangacha (Esen, 2025) ar nós scoileanna lán-Ghaeilge. Mar sin féin, níl mórán taighde déanta ar cén chaoi teicneolaíocht a úsáid go héifeachtach sna scoileanna seo, go háirithe chun matamaitic a mhúineadh. Cabhraíonn an staidéar seo leis an mbearna sin a líonadh trí fhéachaint ar an gcaoi a mbíonn tionchar ag Scratch ar fhoghlaim mhatamaitice agus ar scileanna teanga na Gaeilge a fhorbairt. Tá sé mar aidhm ag an staidéar seo na buntáistí agus na dúshláin a bhaineann le Scratch a chur i bhfeidhm i seomra ranga lán-Ghaeilge a aithint. Scrúdaíonn sé an tionchar a bhíonn ag Scratch ar thuiscint mhatamaitice na bpáistí, a gcuid spreagadh chun foghlama, agus an chaoi a bhfoghlaimíonn siad focail Gaeilge a bhaineann le matamaitic. Cuireann sé moltaí praiticiúil ar fáil freisin do pháirtí leasmhara ar mhian leo uirlisí digiteacha (ar nós Scratch) a úsáid i scoileanna lán-Ghaeilge/mionteangacha chomh maith. Baineadh úsáid as cur chuige cáilíochtúil, ina raibh agallaimh déanta le triúr múinteoir roimh dóibh Scratch a úsáid agus tar éis dóibh Scratch a úsáid. Déanadh grúpa fócais le seisear páiste tar éis dóibh a bheith páirteach i ranganna mata ar úsáideadh Scratch iontu. Thug na torthaí le fios, cé go raibh dúshláin roimh mhúinteoirí maidir le hacmhainní Gaeilge teoranta, dar leis na múinteoirí bhí tionchar dearfach ag Scratch ar rannpháirtíocht agus ar stór focal matamaitice na bpáistí. Thaitin an fhoghlaim idirghníomhach, cluiche-bhunaithe Scratch le múinteoirí agus leis na páistí. Léiríonn an staidéar gur féidir le Scratch cabhrú le foghlaim matamaitice agus teanga i scoil lán-Ghaeilge, ach mar sin féin tugann sé le fios freisin go bhfuil níos mó tacaíochta agus acmhainní ag teastáil ó mhúinteoirí."

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis