“Conas a théann an teanga ina ndéantar trialacha caighdeánaithe matamaitice i bhfeidhm ar thorthaí na bpáistí i scoil lán-Ghaeilge?” agus “Cad iad na dearcaí, mothúcháin agus tuairimí atá ag páistí i scoil lán-Ghaeilge maidir le taithí agus torthaí na dtrialacha caighdeánaithe matamaitice i dteangacha éagsúla?”

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin, School of Education

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

Ní Chába, Sinéadin, “Conas a théann an teanga ina ndéantar trialacha caighdeánaithe matamaitice i bhfeidhm ar thorthaí na bpáistí i scoil lán-Ghaeilge?” agus “Cad iad na dearcaí, mothúcháin agus tuairimí atá ag páistí i scoil lán-Ghaeilge maidir le taithí agus torthaí na dtrialacha caighdeánaithe matamaitice i dteangacha éagsúla?", Trinity College Dublin, School of Education, 2025

Abstract

"Bhí sé mar aidhm ag an taighde seo scrúdú a dhéanamh ar an tionchar a bhíonn ag teanga an mheasúnaithe ar fheidhmíocht, ar mhuinín agus ar dhearcadh daltaí bunscoile i dtrialacha caighdeánaithe matamaitice i suíomh lán-Ghaeilge. Tá an taighde tábhachtach i gcomhthéacs earnála ina mbíonn an Ghaeilge mar mheán teagaisc, ach an Béarla mar phríomhtheanga bhaile don chuid is mó de na daltaí, agus cuireann sé lenár dtuiscint ar chothroime agus ar éifeacht measúnuithe caighdeánaithe i suíomhanna dátheangacha. Baineadh úsáid as cur chuige cainníochtúil trasghearrthach, ag baint úsáide as triail chaighdeánaithe matamaitice SIGMA-T (Béarla agus Gaeilge) le sampla de 63 dalta rang a sé, agus suirbhé le scálaí Likert agus ceisteanna oscailte chun tuairimí agus taithí na ndaltaí a mheas. Rinneadh anailís staitistiúil ar na torthaí trialacha agus ar shonraí an tsuirbhé. Cé nár aimsíodh difríocht staitistiúil ar fheidhmíocht fhoriomlán, tháinig difríochtaí áirithe chun cinn i réimsí ar nós fadhbanna focal, áit ar éirigh le formhór na ndaltaí níos fearr sa Bhéarla. Léirigh an suirbhé go bhfuil rogha teanga, rochtain agus formáid an mheasúnaithe tábhachtach do dhaltaí, agus gur fearr le formhór acu measúnú dátheangach nó ar líne. Cuireann an taighde seo béim ar an ngá le cur chuige measúnaithe níos cuimsithí agus solúbtha a thugann rogha do dhaltaí maidir le teanga agus formáid, chun cothroime agus sásamh a chur chun cinn i suíomhanna oideachais dátheangaigh."

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis