Rogha dánta do mhuintir Néill (1540 - 1660)

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish

Access

embargoedAccess

Embargo end date

2031-01-01
Request a copy

Citation

de Barra, Emmet, Rogha dánta do mhuintir Néill (1540 - 1660), Trinity College Dublin, School of Lang, Lit. & Cultural Studies, Irish, 2026

Abstract

Is éard atá i gceist sa tráchtas seo ná eagráin chriticiúla a chur ar fáil de sé dhán shubstaintiúla a cumadh do Mhuintir Néill idir 1540 agus 1660. Níor cuireadh eagar criticiúil ar na dánta seo riamh roimhe ná níor aistríodh iad. Foilsíodh eagráin dhioplómaitiúla díobh in ABM. Is dánta clasaiceacha iad a leanann rialacha dochta na dtráchtas gramadaí (den chuid is mó) is a chum filí proifisiúnta. Baineann ceithre cinn acu leis an séú haois déag, nuair a bhí na filí i mbarr a réime. Baineann an dá cheann dheireanacha leis an seachtú haois déag agus rudaí ag dul in olcas do na filí proifisiúnta. Sa réamhrá le gach dán, pléitear beathaisnéis an phátrúin, an file, stair sheachadadh an dáin agus na cóipeanna lámhscríbhinne, teachtaireacht an dáin, cúrsaí teanga is meadarachta. Sonraítear modh eagarthóireachta an dáin. Tugtar téacs an dáin, léamha, aistriúchán Béarla agus nótaí téacsúla ansin. Dánta atá in eagar sa tráchtas seo: Rug an bás báire an einigh a cumadh do Niall Connallach Ó Néill (d'éag 1544). Do thogh Éire fear faire agus Sealbh Éireann ag aicme Néill a cumadh do Thoirdhealbhach Luineach Ó Néill (d'éag 1595). Cumam croinic do chloinn Néill a cumadh d'Aodh Mór Ó Néill (d'éag 1616). Dual cuimhne ar chaithréim fhlatha a cumadh do Thoirdhealbhach an Fheadha Ó Néill (d'éag 1640). Mairg fríoth le furtacht Éireann a cumadh d'Fhéilim Ruadh Ó Néill (d'éag 1653).

Description

APPROVED

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Sponsor: Taighde Éireann (An Chomhairle um Thaighde in Éirinn)

Publisher: Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish
Type of material: Thesis