Iniúchadh ar Chleachtais, Cur Chuige agus Moltaí Mhúinteoirí Gaelscoile atá ag Tacú le Páistí a bhfuil Disléicse orthu
Loading...
Date
Authors
Journal Title
Journal ISSN
Volume Title
Publisher
Trinity College Dublin, School of Education
Access
restrictedAccess
Embargo end date
Citation
Mac Phaidin, Tomás, Iniúchadh ar Chleachtais, Cur Chuige agus Moltaí Mhúinteoirí Gaelscoile atá ag Tacú le Páistí a bhfuil Disléicse orthu, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025
Abstract
Fiosraítear cleachtais, cur chuige agus moltaí mhúinteoirí gaelscoile atá ag tacú le páistí a bhfuil disléicse orthu sa taighde reatha. Tá sé mar aidhm ag an taighde na cleachtais reatha atá in úsáid ag múinteoirí a nochtadh, na tacaíochtaí atá á lorg ag múinteoirí gaelscoile a chíoradh agus tuairimí múinteoirí ar oiriúnacht na gaelscolaíochta do pháistí a bhfuil disléicse orthu a fhiosrú.
Léirítear go forleathan go bhfuil páistí a bhfuil riachtanais bhreise oideachais orthu agus páistí le disléicse ábalta dul chun cinn suntasach a dhéanamh in oideachas dátheangach agus go bhfuil suíomh dátheangach ábalta a bheith buntáisteach dóibh (Andrews, 2019; Barnes, 2025; Genesee, 2022). In ainneoin an taighde bíonn buairt fós ar thuismitheoirí, múinteoirí agus seirbhísí seachtracha oideachais faoi oiriúnacht na gaelscolaíochta do pháistí a bhfuil disléicse orthu, le moltaí do pháistí aistriú ón suíomh gaelscoile chuig scoil mheán Béarla comónta tar éis diagnóis disléicse d’fhoghlaimeoir (Ó Duibhir, 2018). Socraíodh tabhairt faoin taighde toisc an comhthéacs reatha le cleachtais, moltaí agus tuairimí múinteoirí gaelscoile a chíoradh.
Dearadh an taighde faoi threoir an pharaidím pragmatachas agus is modhanna measctha atá curtha i bhfeidhm. Thug 48 rannpháirtithe faoi shuirbhé agus chuaigh cúigear rannpháirtithe faoi agallamh. Baineadh leas as anailís théamach ag leanúint céimeanna Braun agus Clarke (2006) le hanailís a dhéanamh ar shonraí cainníochtúla agus Microsoft Forms agus Microsoft Excel le hanailís a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla an taighde.
Tuairiscítear go bhfuil múinteoirí gaelscoile an taighde reatha den tuairim go bhfuil an suíomh gaelscoile oiriúnach do pháistí a bhfuil disléicse orthu. Feictear áfach go bhfuil buairt ar mhúinteoirí faoi na páistí leis na riachtanais is casta. Leagtar béim ar an tábhacht a bhaineann le muinín foghlaimeoirí a fhorbairt toisc an ról dearfach nó diúltach a bhíonn ag leibhéal muiníne ar rannpháirtíocht foghlaimeoirí. Déantar iarratas ar réimse tacaíochtaí a chuideoidh le múinteoirí freastal ar háistí a bhfuil disléicse orthu. I measc na bpríomhthacaíochtaí atá á lorg ag múinteoirí tá tuilleadh deiseanna oiliúna dírithe ar dhisléicse, cur chuige aontaithe scoile le freastal ar pháistí a bhfuil disléicse orthu agus acmhainní measúnaithe diagnóiseacha trí Ghaeilge.
Description
Endorsement
Review
Supplemented By
Referenced By
Keywords
Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis

