Cén Tionchar atá ag Scéalta Dhigiteacha ar Eispéireas Teanga agus Teanga ó Bhéal an Pháiste Gaelscoile?

Loading...
Thumbnail Image

Date

Authors

King, Grace

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin, School of Education

Access

restrictedAccess

Embargo end date

Citation

King, Grace, Cén Tionchar atá ag Scéalta Dhigiteacha ar Eispéireas Teanga agus Teanga ó Bhéal an Pháiste Gaelscoile?, Coláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, Scoil an Oideachais. M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta (M.Ed.), 2025

Abstract

"Cuireadh idirghabháil ranga ar siúl le haon pháiste dhéag i meánrang Gaelscoile, scoil lán-Ghaeilge taobh amuigh den Ghaeltacht. Mhair an idirghabháil seacht seachtaine le linn an earraigh, 2025 Dhírigh an idirghabháil ar scéalta dhigiteacha comhoibrithe ag baint leasa as an mbogearra Scratch. Cruthaíodh nasc le hEolaíocht, Teicneolaíocht, Innealtóireacht agus Matamaitic (ETIM) agus an sprioctheanga, an Ghaeilge le cur chuige tarraingteach agus cruthaitheach chun an Ghaeilge a chur chun cinn mar theanga bheo. Cuireadh béim deiseanna labhartha le modh cruthaitheach agus nua-aimseartha á thabhairt don rang. Úsáideadh an pharaidím thaighde pragmatachas sa taighde reatha agus bhí modhanna measctha in úsáid, idir sonraí cainníochtúla agus sonraí cáilíochtúla, le linn an phróisis taighde. D’oibrigh na páistí i mbeirteanna nó triúr agus phioc siad ainm bréige dá bhfoireann mar leasainm tríd an taighde ar fad. Rinneadh breathnóireacht ar obair na bpáistí agus iad i mbun cumarsáide lena chéile sna seisiúin idirghabhála. Úsáideadh comhairle Braun agus Clarke (2022) chun anailís théamach a dhéanamh ar shonraí cáilíochtúla. Rinneadh measúnaithe ar na páistí, a bhí bunaithe ar chomhairle Cohen et al. (2018) maidir le Paired T-Test, a dhíriú isteach ar theanga ó bhéal (TÓB) agus obair grúpa, leis an gcéad measúnú roimh na hidirghabhála agus an dara ceann tar éis. Ghlac na páistí páirt i suirbhé, ag baint leasa as an suíomh Mentemeter roimh na hidirghabhála agus tar éis na hidirghabhála chun a n-eispéireas leis an nGaeilge a mheas. Tuairiscíodh gur bhain na rannpháirtithe an-taitneamh as na scéalta dhigiteacha mar acmhainn foghlama toisc go raibh deiseanna labhartha faighte acu. Bhí dea-thionchar ag an idirghabháil ar mhuinín na páistí agus iad i mbun cumarsáide agus comhoibriú. Thug na scéalta dhigiteacha deis bhreathnóireachta don mhúinteoir ranga chun tuiscint a fháil maidir le hidirtheanga na páistí, iompar códmheasctha agus códmhalartú agus cruinneas TÓB na páistí go ginearálta. Is ainm bréige iad na hainmneacha ar fad atá luaite sa tráchtas seo."

Description

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Keywords

Author: King, Grace

Qualification name: M.Oid. san Oideachas Lán-Ghaeilge agus Gaeltachta
Publisher: Trinity College Dublin, School of Education
Type of material: Thesis