Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh: Eagrán Nua

Loading...
Thumbnail Image

Date

Journal Title

Journal ISSN

Volume Title

Publisher

Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish

Access

embargoedAccess

Embargo end date

2030-08-05
Request a copy

Citation

Ní Bhuachalla, Brianán, Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh: Eagrán Nua, Trinity College Dublin, School of Lang, Lit. & Cultural Studies, Irish, 2025

Abstract

Is éard atá sa tráchtas seo ná eagrán nua den téacs Eachtra an Cheithearnaigh Chaoilriabhaigh (CCR as seo amach). Cumadh an téacs seo sa Nua-Ghaeilge Mhoch, agus is ceann de scéalta rómánsaíochta na Gaeilge é. Tá an t-eagrán nua seo bunaithe ar an gcóip den téacs atá i lámhscríbhinn Giessen 1267, atá i Leabharlann Ollscoil Giessen. Tá an tráchtas seo roinnte ina chúig chaibidil, agus déantar plé ar ghnéithe éagsúla den téacs i ngach ceann díobh. I gCaibidil 1, déantar plé ar CCR mar shaothar litríochta agus mar fhoinse stairiúil. I measc na ngnéithe liteartha a iniúchtar sa chaibidil seo tá: seánra na scéalta rómánsaíochta Gaeilge; stíl an phróis; an greann; móitíf na cuairte gan choinne ó neach osnádúrtha; aircitíopa an chleasaí. Cíortar ceist údar CCR, agus na fáthanna ar cumadh an téacs. Déantar anailís ar na ceangail idirthéacsúla idir an scéal seo agus foinsí liteartha eile. Pléitear na pearsana stairiúla a ainmnítear sa téacs, agus an léiriú a thugann an scéal ar Éirinn sa Nua-Aois Luath. Ar deireadh, tugtar cuntas ar na leaganacha éagsúla den téacs seo a foilsíodh thar na blianta. Is ar thraidisiún lámhscríbhinne CCR a dhírítear i gCaibidil 2. Tá níos mó ná seasca lámhscríbhinn ar marthain a bhfuil cóip de CCR iontu, agus breacadh iad ar fad idir deireadh an tseachtú céad déag agus deireadh an naoú céad déag. Ag tús na caibidle, déantar struchtúr eipeasóideach CCR a phlé, agus tugtar cuntas ar gach finné lámhscríbhinne den scéal a mhaireann. Tugtar achoimre ar na bealaí éagsúla a bhfuil finnéithe CCR rangaithe ag scoláirí eile, agus déantar iad a rangú ar bhealach nua. Déantar iniúchadh ar sheachadadh an téacs sna lámhscríbhinní, agus ar na ceangail idir traidisiúin éagsúla an téacs. Pléitear coincheap an ‘scríobhaí-eagarthóra’ i gcomhthéacs CCR chomh maith. Leagtar amach modh eagarthóireachta an téacs i gCaibidil 3. I dtosach, tugtar míniú ar an gcur chuige a úsáidtear chun finné an eagráin a roghnú, agus ar an modh a úsáidtear chun críoch an scéil, atá in easnamh ar chóip Giessen 1267, a chur ar fáil ó fhinné eile. Tugtar an polasaí tras-scríofa, modh eagarthóireachta an eagráin agus polasaí an aistriúcháin Bhéarla ag deireadh na caibidle. Déantar anailís ar theanga agus ar dháta ceaptha an téacs i gCaibidil 4. Tugtar cuntas ar chineál na teanga sa téacs, agus úsáidtear caighdeán na Nua-Ghaeilge Clasaicí mar shlat tomhais chun difríochtaí idir teanga an scéil agus an caighdeán sin a léiriú. Déantar iniúchadh ar dháta ceaptha CCR trí úsáid a bhaint as ceithre chritéar éagsúla: an fhianaise lámhscríbhinne; na pearsana stairiúla a ainmnítear sa téacs; foinsí liteartha eile; teanga an téacs. I gCaibidil 5, cuirtear an t-eagrán nua de CCR ar fáil, mar aon le haistriúchán Béarla agus nótaí mínithe. Is eagrán ‘aon-téacs’ atá san eagrán nua seo, atá bunaithe ar an gcóip den scéal atá i lámhscríbhinn Giessen 1267. Tá dhá innéacs i ndiaidh Chaibidil 5: innéacs na ninmneacha dílse a fhaightear san eagrán; agus innéacs na bhfocal a phléitear sna nótaí ar an téacs. Cuirtear liosta giorrúchán agus liosta de na saothair a ceadaíodh ar fáil i ndiaidh na n-innéacsanna seo. Cuirtear trí aguisín ar fáil ag deireadh an tráchtais seo. In Aguisín 1, tugtar tras-scríbhinn den chóip de CCR atá i lámhscríbhinn Giessen 1267. Tugtar trascríbhinn den téacs ón gcóip lámhscríbhinne is sine (LNA Adv. 72.1.36) in Aguisín 2. In Aguisín 3, cuirtear ar fáil tras-scríbhinní d’eipeasóidí nach bhfuil san eagrán, chomh maith le leaganacha malartacha d’eipeasóidí atá san eagrán.

Description

APPROVED

Endorsement

Review

Supplemented By

Referenced By

Sponsor: Irish Research Council (IRC)

Sponsor: Trinity College Dublin (TCD)

Publisher: Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish
Type of material: Thesis