Plean Straitéiseach 2014–2019
File Type:
PDFItem Type:
ReportDate:
2014Access:
openAccessDownload Item:
Abstract:
As an Réamhrá leis an bPlean:
Is ionann plean straitéiseach nua agus deis chun
bealach i dtreo na todhchaí a leagan síos, chun smaointe
nua a mholadh i gcomhthéacs aimsirí agus cúinsí
athraitheacha agus, ag an am céanna, chun luachanna
marthanacha Choláiste na Tríonóide a athdhearbhú.
Tá an t-athrú thar a bheith tábhachtach. Mar athleagan
ar fhocail Edmund Burke, is ionann ollscoil nach
acmhainn di athrú de chineál éigin a dhéanamh agus
eagraíocht nach acmhainn di í féin a chaomhnú.
Sin an fáth go bhfuil an plean straitéiseach
chomh tábhachtach sin: soláthraíonn sé an modh
chun athrú comhordaithe a dhéanamh; bunaíonn
sé tosaíochtaí agus cinntíonn sé go ndéanfar na
tosaíochtaí a struchtúrú ar shlí a fhágfaidh gur
féidir linn ár bhfís a bhaint amach.
Is é atá san fhís atá againn ná gur ollscoil lena
ngabhann tábhacht dhomhanda a bheidh ionainn,
áit ina soláthraítear deis shainiúil oideachais dár mic
léinn agus ina ndéantar fionnachtana taighde agus
dul chun cinn scolártha, ar fionnachtana agus dul
chun cinn iad a mbíonn tionchar domhanda acu. Is
fís í i ndáil le hollscoil a chuireann le gnóthachtáil na
hÉireann i réimse an oideachais agus an taighde ar
mhaithe le todhchaí gach uile dhuine.
Other Titles:
Coláiste na Tríonóide Plean Straitéiseach 2014–2019Publisher:
Trinity College DublinType of material:
ReportCollections
Availability:
Full text availableKeywords:
Trinity College Dublin -- PlanningMetadata
Show full item recordLicences: