Comparáid idir na Dearcthaí atá ag Leanaí i nGaelscoil agus i Scoileanna Gaeltachta i leith na Gaeilge agus maidir le húsáid na Gaeilge acu
Citation:
Cliona Máirtín, 'Comparáid idir na Dearcthaí atá ag Leanaí i nGaelscoil agus i Scoileanna Gaeltachta i leith na Gaeilge agus maidir le húsáid na Gaeilge acu', [Thesis], 2019-05Download Item:
Abstract:
Díríonn an taighde seo ar úsáid na Gaeilge agus ar dhearcthaí i leith na Gaeilge ag páistí
Rang 5 agus Rang 6. Déantar comparáid idir dhá chineál scoil éagsúla. An chéad cineál
ná Scoil Lán Ghaeilge atá suite lasmuigh den Ghaeltacht agus an dara cineál na scoileanna
atá suite i gceantar Ghaeltachta. Is comparáid é seo idir na difríochtaí agus na cosúlachtaí
atá eatharthu. Ghlac ceithre scoil páirt sa taighde seo, scoil amháin ó cheantar neamhGhaeltachta agus trí cinn atá suite sa Ghaeltacht. Baineadh úsáid as ceistneoirí le eolas a
bhailiú ó na rannpháirtithe. Bhí ceithre chuid ann sa cheistneoir agus iad bunaithe ar
chúlra an pháiste, úsáid na Gaeilge ag an bpáiste, dearcthaí an pháiste i leith na Gaeilge
agus ceisteanna oscailte le tuairimí breise a bhailiú ó na rannpháirtithe. Bhí difríochtaí
agus cosúlachtaí le feiceáil sna torthaí idir na cineálacha scoileanna éagsúla. Tá
cosúlachtaí ann i gcuid de na torthaí a tháinig ón taighde seo ach tá difríochtaí móra ann
freisin, cuid acu a chuireann go mór leis an stór taighde atá déanta cheana. Tá an taighde
seo uathúil ó thaobh cuid de na ceisteanna a cuireadh ar na rannpháirithe agus tá moltaí
déanta bunaithe ar na torthaí a tháinig ó na ceisteanna seo. Tá dearcthaí dearfacha ag na
páistí i leith na Gaeilge ach tá easpa úsáide ann nach bhfuil ag teacht le chéile leis na
dearcthaí agus an cumas atá ag na páistí, dar leo féin.
Description:
Professional Masters of Education
Author: Máirtín, Cliona
Type of material:
ThesisCollections
Availability:
Full text availableKeywords:
Research Subject CategoriesMetadata
Show full item recordLicences: