dc.contributor.advisor | De paor, Padraig | |
dc.contributor.author | CONNICK, EIMEAR MARY | |
dc.date.accessioned | 2020-08-26T11:53:48Z | |
dc.date.available | 2020-08-26T11:53:48Z | |
dc.date.issued | 2020 | en |
dc.date.submitted | 2020 | |
dc.identifier.citation | CONNICK, EIMEAR MARY, San abhainn do léim bardán : An Bheatha, An Bás agus an Teanga i bhFilíocht Choilm Bhreathnaigh, Trinity College Dublin.School of Lang, Lit. & Cultural Studies, 2020 | en |
dc.identifier.other | Y | en |
dc.identifier.uri | http://hdl.handle.net/2262/93220 | |
dc.description | APPROVED | en |
dc.description.abstract | Is file tábhachtach é Colm Breathnach i nualitríocht na Gaeilge agus is é seo an chéad mhonagraf critice atá tiomnaithe dá shaothar. Sa tráchtas seo, déantar mionanailís ar shaothar filíochta Choilm Bhreathnaigh.
Déantar iarracht dhá phríomhcheist a fhreagairt:
1. Cá luíonn fréamhacha Choilm Bhreathnaigh?
Sa chéad Roinn den tráchtas seo, déantar iniúchadh ar thábhacht an teaghlaigh don fhile, ag déanamh plé ar a luathshaothar go háirithe. Scrúdaítear na cúiseanna a dtéann an Breathnach i mbun pinn chomh maith, ag cur béim ar leith ar théama an ghrá mar chuid de sin.
2. Cén gaol atá idir an file, an léitheoir agus an teanga sa saothar ealaíne?
Sa dara agus sa tríú Roinn, pléitear ceist na teanga, chomh maith leis an ngaol a bhíonn idir an file, an teanga agus an léitheoir. Scrúdaítear an t-idirdhealú a dhéanann Colm Breathnach idir an teanga agus an Bhé agus meastar ról na teanga agus ról an fhile sa saothar ealaíne.
I Roinn 2, déantar iniúchadh ar Chiaroscuro (2006) an séú cnuasach filíochta ó pheann an Bhreathnaigh. Is iad íomhá an fhíona agus radharc na súl príomhábhair na Roinne seo. Pléitear traidisiún filíochta na Gaeilge chomh maith agus an chaoi a dtarraingíonn Colm Breathnach ar an traidisiún sin ina chuid filíochta.
Is ar Scáthach (1994) a dhíríonn Roinn 3. Déantar plé ar rian na miotaseolaíochta agus ar ról na mban in Scáthach agus pléitear an ceangal, má tá ceann ann, idir na mná sin agus Bé na filíochta. Déantar anailís ar an idirghníomhú idir an file agus an domhan sa Roinn seo chomh maith. Pléitear na tagairtí d eachtraí idirnáisiúnta a thagann chun tosaigh in Scáthach agus an chomhbhá a léiríonn an file le pobail ar leith timpeall na cruinne.
Is filíocht í seo a fhreagraíonn do théamaí uilíocha an tsaoil. Sa tráchtas seo, mar sin, déantar iarracht solas éigin a chaitheamh ar na ceisteanna thuasluaite agus ar chur chuige Choilm Bhreathnaigh i leith na filíochta. | en |
dc.language.iso | en | en |
dc.publisher | Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of Irish | en |
dc.rights | Y | en |
dc.subject | Nuafhilíocht | en |
dc.subject | Nualitríocht | en |
dc.subject | Litríocht na Gaeilge | en |
dc.subject | Colm Breathnach | en |
dc.title | San abhainn do léim bardán : An Bheatha, An Bás agus an Teanga i bhFilíocht Choilm Bhreathnaigh | en |
dc.type | Thesis | en |
dc.type.supercollection | thesis_dissertations | en |
dc.type.supercollection | refereed_publications | en |
dc.type.qualificationlevel | Doctoral | en |
dc.identifier.peoplefinderurl | https://tcdlocalportal.tcd.ie/pls/EnterApex/f?p=800:71:0::::P71_USERNAME:CONNICKE | en |
dc.identifier.rssinternalid | 219838 | en |
dc.rights.ecaccessrights | openAccess | |