Téama na Saoirse i bhFicsean Phádraig Uí Chíobháin
File Type:
PDFItem Type:
ThesisDate:
2022Author:
Access:
embargoedAccessEmbargo End Date:
2027-08-11Citation:
Weakliam, Peter, Téama na Saoirse i bhFicsean Phádraig Uí Chíobháin, Trinity College Dublin.School of Lang, Lit. & Cultural Studies, 2022Download Item:
Abstract:
Is é atá sa tráchtas seo ná staidéar ar an léiriú a dhéanann Pádraig Ó Cíobháin, scríbhneoir
comhaimseartha, ar théama na saoirse ina chuid úrscéalta agus gearrscéalta. Tá trí
chaibidil sa tráchtas, agus déanaim anailís ar ghné ar leith de théama na saoirse i ngach
ceann díobh.
I gCaibidil 1, iniúchaim an cur síos a dhéanann Ó Cíobháin ar áiteacha is spásanna ar
leith ina chuid scéalta. Déanaim scagadh go háirithe ar na bealaí éagsúla a dtéann na
timpeallachtaí seo i gcion ar a chuid carachtar. Léirím go dtugann plé an údair ar an
tionchar seo léargas dúinn ar an tuiscint atá aige ar an rud is saoirse ann.
I gCaibidil 2, scrúdaím an plé a dhéanann Ó Cíobháin ar chúrsaí creidimh ina shaothar.
Taispeánaim go dtugann mórán dá chuid scéalta le fios go gcuireann an Eaglais
Chaitliceach srian le saoirse daoine. Déanaim cíoradh freisin ar an gcuntas a thugann Ó
Cíobháin ar fheiniméan an tsaoltachais. Léirím go bhfuil dlúthbhaint ag an bhfeiniméan
sin le hiarrachtaí a chuid carachtar a bheith saor ó thionchar díobhálach na hEaglaise.
Is le ceist na hinscne a théim i ngleic i gCaibidil 3 den tráchtas. Iniúchaim an léiriú a
dhéanann Ó Cíobháin ar fheiniméan na hinscne chomh maith lena phlé ar fheiniméan an
ghnéis. Déanaim anailís ar na rudaí éagsúla a chuireann srian le saoirse na mban agus le
saoirse na bhfear faoi seach ina chuid scéalta.
Tá tras-scríbhinn leasaithe d’agallamh a rinne mé le Pádraig Ó Cíobháin in 2017 curtha
ar fáil agam san aguisín atá ag deireadh an tráchtais.
Sponsor
Grant Number
Trinity College Dublin (TCD)
Irish Research Council (IRC)
Author's Homepage:
https://tcdlocalportal.tcd.ie/pls/EnterApex/f?p=800:71:0::::P71_USERNAME:WEAKLIAPDescription:
APPROVED
Author: Weakliam, Peter
Advisor:
De paor, PadraigPublisher:
Trinity College Dublin. School of Lang, Lit. & Cultural Studies. Discipline of IrishType of material:
ThesisCollections
Availability:
Full text availableKeywords:
saoirse, ficsean, Gaeilge, Pádraig Ó CíobháinMetadata
Show full item recordLicences: